Máire Breatnach and renowned harpist Cormac De Barra have just issued their first joint CD, entitled Tarraing Téad / Pulling Strings.
The album comprises 12 tracks and, while its primary focus is on the music of the harpers, features an eclectic mixture of tunes arranged for strings by Cormac and Máire.
Cormac's brother Fionán de Barra (guitar/bodhrán) is a special guest.
The CD was launched at the opening of the 'Éigse Eatharlaí' summer school 2010, at Tigh Roy, Galbally, on the Tipperary/Limerick border, on Friday 23 July.
Tarraing Téad / Pulling Strings is Máire's second new CD this year, following the successful launch of Cranna Ceoil / In Full Measure last January.
Tá dlúthdhiosca nua eisithe ag Máire Breatnach in éineacht leis an gcruitire mór-chlú Cormac De Barra. Tarraing Téad / Pulling Strings is teideal dó, agus tá dhá rian déag ar fad air.
Is ar cheol na gcruitirí a leagtar an bhéim sa taifead seo, agus téad-chóiriú snasta snoite déanta acu air.
Ina theannta sin, tá éagsúlacht bhreá fonn le cloisteáil, ríleanna agus poirt san áireamh. Is e an t-aoi-cheoltóir speisialta acu Fionán de Barra, deartháir Chormaic, ar an ngiotár agus ar an mbodhrán.
Seoladh an t-albam ag oscailt na scoile samhraidh 'Éigse Eatharlaí' i mbliana ar an Aoine 23 Iúil san Ionad Cultúrtha Tigh Roy, cóngarach don Ghallbhaile, ar theorainn Thiobraid Árann agus Luimnigh.
Is é Tarraing Téad / Pulling Strings an dara dlúthdhiosca nua ag Máire i mbliana. Fuair Cranna Ceoil / In Full Measure ard-mholadh nuair a eisíodh mí Eanáir seo caite é.